Written answers

Tuesday, 2 December 2014

Department of Education and Skills

Cóimheas Daltaí le Múinteoirí

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

468. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sé i gceist aici an cóimheas idir daltaí agus múinteoirí a theastaíonn chun an ceathrú múinteoir a choinneáil i scoileanna a athrú ar ais go dtí an figiúr a bhí ann sular tháinig an Rialtas seo i gcumhacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [46199/14]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigeann an Rialtas seo gur cuid thábhachtach d'uige shóisialta na bpobal tuaithe iad na scoileanna beaga. Leanfear leo mar ghné dár ndreach oideachasúil. Caithfidh a leithéid tarlú, áfach, sa chomhthéacs ina bhfuiltear ag iarradh ar gach fostaí sa tseirbhís phoiblí ár seirbhísí poiblí a sholáthar ar leibhéal laghdaithe acmhainní agus ní féidir múinteoirí i scoileanna beaga a bheith saor ón riachtanas seo.

Tá daonra na ndaoine óga sa tír seo ag fás agus, in ainneoin na ndíonchúinsí eacnamaíochta atá againn sa tír, thugamar tosaíocht don oideachas ionas gur mhéadaigh líon na múinteoirí atá againn sa chóras chun an cóimheas reatha daltaí le múinteoirí a chosaint. Fostaíodh míle múinteoir breise i scoileanna ar fud na tír sa scoilbhliain dheireanach, seachas mar a bhí an bhliain roimhe sin. Tarlóidh méadú eile de thart ar 1,300 múinteoir sa scoilbhliain reatha.

Tá cur chuige an Rialtais maidir leis an eacnamaíocht a athshlánú tar éis cabhrú le tír na hÉireann filleadh ar an bpointe inar léir dúinn fás eacnamaíochta. Feabhas leanúnach thar thréimhse leanúnach atá i gceist lenár bhfás eacnamaíochta a chuirfidh ar ár gcumas gluaiseacht chuig staid ina mbeimid ábalta breathnú arís ar achmainní múinteora breise a chur ar fáil do scoileanna agus d'fhéadfadh a leithéid feabhas a chur ar CDM (PTR), ar mhéid ranga agus ar thacaíocht do mhúinteoirí ranga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.