Written answers

Tuesday, 11 November 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

583. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth nach dtagann Uisce Éireann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus faoi scáth an Choimisinéara Teanga dá réir agus cathain atá sí chun an dlí a athrú chun go mbeidh dualgas ar an gcomhlacht Stáit seo gnó a dhéanamh trí Ghaeilge, nó go dátheangach ar a laghad, le saoránaigh. [42894/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá na comhlachtaí poiblí a thagann faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 liostáilte i gCéad Sceideal an Achta agus sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Comhlachtaí Poiblí) 2006 (I.R. Uimh. 150 de 2006) a tháinig i bhfeidhm ar 1 Bealtaine 2006. Bunaíodh Uisce Éireann i mí an Mhárta 2013 mar chuideachta leathstáit faoin Acht um Sheirbhísí Uisce 2013. Is fochuideachta chláraithe é faoi Bhord Gáis Éireann agus níl sé áirithe faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla i láthair na huaire.

Tá an próiseas chun uasdátú a dhéanamh ar chomhlachtaí poiblí atá le háireamh faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla á bhreithniú ag mo Roinn i gcomhthéacs Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 atá á dhréachtú faoi láthair. Mar atá ráite i gClár Reachtaíochta an Rialtais, táthar ag súil go mbeidh an Bille foilsithe le linn an téarma seo den Dáil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.