Written answers

Tuesday, 4 November 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

413. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth go bhfuil ró-íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do 2013 curtha i leith feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cad iad sonraí na ró-íocaíochta atá i gceist; an féidir lena Roinn sonraí agus mapaí a bhaineann leis an ró-íocaíocht seo a chur chuig an bhfeirmeoir; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41209/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol duit, b’fhéidir, tá mo Roinn ag déanamh scrúdú faoi láthair ar ghabháltais talún a hainmníodh faoi Scéim na hAoníocaíochta agus faoi Scéimeanna Íocaíochta Dírí limistéar-bhunaithe eile. Mar chuid den athbhreithniú seo, aithníodh limistéar neamh-incháilithe agus baineadh an limistéar amach as an ngabháltas a d’ainmnigh an duine ainmnithe. Cuireadh an cinneadh sin agus an ceart ar achomharc in iúl don duine ainmnithe. I ndiaidh achomharc ón duine ainmnithe, thug mo Roinn faoi athbhreithniú iomlán ar an gcás agus diúltaíodh don achomharc a rinne an duine ainmnithe. Cuireadh toradh an athbhreithnithe in iúl don duine ainmnithe i litir dár dáta 20ú Feabhra 2014 agus cuireadh in iúl dó go raibh sé de cheart arís aige achomharc a dhéanamh chuig Coiste Achomhairc LPIS faoi chathaoirleacht neamhspleách laistigh de 3 mhí ó dháta na litreach. Níor déanadh aon achomharc go dtí seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.