Written answers
Tuesday, 4 November 2014
Department of Environment, Community and Local Government
Seirbhísí Uisce
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
1058. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén fáth go bhfuil aithbhreithniú á dhéanamh ag Uisce Éireann ar scéim uisce réigiúnach Chasla nuair atá an togra seo ag teastáil go práinneach agus nuair atá sé beagnach réidh le dul ar aghaidh; an raibh ar Uisce Éireann cead ón Aire a fháil don bheartas seo; an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt d'Uisce Éireann dul ar aghaidh láithreach leis an togra seo agus Loch Ghleann Mhac Muirinn a úsáid mar fhoinse uisce agus an bhfuil an imní atá ar dhaoine sa cheantar faoi chaighdéan an uisce ann á cur i gcuntas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42024/14]
Alan Kelly (Tipperary North, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá Uisce Éireann freagrach as Seirbhísí Uisce ó 1 Eanair 2014. Déanfaidh siad aon chinntí maidir le dul chun cinn na scéimeanna, lena n-áiritear Scéim Uisce Réigiúnach Chasla gcomhthéacs a Phlean Infheistíochta Chaipitil 2014 – 2016 atá ar fáil ar a suíomh idirlíon . Tá foireann ar leith curtha ar bun chun deileáil le ceisteanna agus uiríll ó ionadaí phoiblí. Is féidir dul I dteagmhail leo trí ríomhphoist a sheoladh go nó ar an uimhir guthán 1890 578 578.
Irish Water is responsible for Water Services since 1 January 2014. Any decisions regarding the progression of schemes, including the Costello Regional Water Scheme is a matter for Irish Water, who have published their Capital Investment Plan 2014 – 2016, which is available on the company’s website, .
Irish Water has established a dedicated team to deal with representations and queries from public representatives. They may be contacted via email at or by telephone on 1890 578 578.
No comments