Written answers

Tuesday, 4 November 2014

Department of Education and Skills

Scéim Deontais do Mhionoibreacha

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

866. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil Gaelscoil Inse Chóir, Baile Átha Cliath 8 i dteideal deontas faoi Scéim na Mion-Oibreacha, 2014 agus cathain a dháilfear an deontais úd ar an scoil. [41284/14]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an Deontas Mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i mí na Samhna seo caite, cuirfear maoiniú ar fáil do gach bunscoil a bhfuil lánaitheantas aici, an scoil i gceist san áireamh, ar an mbonn "nach n-íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin". Ag an tráth seo, níl aon mhaoiniú ar fáil as leithdháileadh airgeadais mo Roinn-se do 2014 chun an Deontas Mionoibreacha do 2014/2015 a íoc.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

867. To ask the Minister for Education and Skills an gcuirfidh sí liosta ar fáil de na scoileanna i Baile Átha Cliath 2, 4, 6, 6w, 8, 10, 12 agus 20 atá i dteideal deontas faoi Scéim na Mion-Oibreacha, 2014 agus cathain a dháilfear an deontas úd orthu. [41285/14]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoi Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an Deontas Mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i Mí na Samhna seo caite, cuirfear maoiniú ar fáil do gach bunscoil a bhfuil lánaitheantas aici ar an mbonn "nach n-íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin". Taobh amuigh de na trí scoil atá liostaithe, tá lánaitheantas ag gach bunscoil eile i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6, 6w, 8, 10, 12 agus 20. Ag an tráth seo, níl aon mhaoiniú ar fáil as leithdháileadh airgeadais mo Roinnese do 2014 chun an Deontas Mionoibreacha do 2014/2015 a íoc.

Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Phort na Sliogán, Foirgnimh Dhumhach Thrá, Bóthar Chúirt Shíomóin, Droichead na Dothra, Baile Átha Cliath 4 – Uimh. Rolla 20441S.

Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Portobello, 16 Ardán Fhearchair, Baile Átha Cliath 2 – Uimh. Rolla 20430N.

Scoil Náisiúnta John Scotus, Bóthar Northumberland, Baile Átha Cliath 4 – Uimh. Rolla 20103V.

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

868. To ask the Minister for Education and Skills cad é an leagan amach a bhéas ar Scéím na Mion-Oibreacha, 2015 agus cad é an spriocdháta a bhéas ann don scéim sin i 2015. [41286/14]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dúradh in Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an deontas mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i mí na Samhna seo caite, nach n-íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin. Faoi Chlár Infheistíochta Infreastruchtúir agus Caipitil 2012-2016 mo Roinne táthar ag díriú go príomha ar an éileamh ar ionaid bhreise scoile a shásamh.

Comhaontaíodh leithdháileadh caipitil mo Roinne do 2015 mar chuid den phróiseas buiséadach. Tá éileamh tosaíochta ag tiomantais chaiteachais a bheas ag teacht as tionscadail atá á dtógáil, agus as scéimeanna/tionscnaimh atá á seachadadh, ar an leithdháileadh seo. Tá maoiniú ag teastáil chomh maith do thionscadail nua agus do scéimeanna/tionscnaimh a chuirfear ar aghaidh in 2015. Dá réir sin ní féidir aon chinntí a ghlacadh maidir le deontas mionoibreacha do 2015/2016 ag an tráth seo.

Tá a fhios agam go mbíonn fáilte roimh dheontas mionoibreacha aon uair a mbíonn ar chumas mo Roinnese é a eisiúint chuig bunscoil ar bith a bhfuil aitheantas buan aici, mar ranníocaíocht luachmhar i leith an chostais a bhaineann le hinfreastruchtúr scoile a chothabháil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.