Written answers
Tuesday, 4 November 2014
Department of Education and Skills
Scéim Deontais do Mhionoibreacha
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
864. To ask the Minister for Education and Skills cathain a íocfar deontais faoi Scéim na Mionoibreacha, 2014 leis na scoileanna atá ag súil leo chun deisiúchán riachtanach a dhéanamh ar a bhfoirgnimh agus a gclósanna. [41271/14]
Jan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá sé ráite in Imlitir 0062/2013, a foilsíodh agus an Deontas Mionoibreacha á eisiúint don scoilbhliain 2013/2014 i Mí na Samhna seo caite, "ní íocfar an deontas sna blianta amach romhainn ach nuair a bheidh an maoiniú á cheadú sin". Faoin gClár Infheistíochta Infreastruchtúir agus Caipitil 2012-2016 táthar ag díriú ar an éileamh ar ionaid bhreise scoile a shásamh. Ag an tráth seo, níl aon mhaoiniú ar fáil as leithdháileadh airgeadais mo Roinnese do 2014 chun an Deontas Mionoibreacha do 2014/2015 a íoc.
Tá a fhios agam go mbíonn fáilte ag pobail scoile agus ag comhlachtaí bainistíochta roimh Dheontas Mionoibreacha aon uair a mbíonn ar chumas mo Roinn-se é a eisiúint (chuig bunscoil ar bith a bhfuil aitheantas buan aici), mar gur ranníocaíocht luachmhar é i leith an chostais a bhaineann le hinfreastruchtúr scoile a chothabháil.
No comments