Written answers
Wednesday, 22 October 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Creidiúnú Aistriúcháin
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
37. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén fáth ar seoladh ríomhphost chuig níos mó ná céad aistritheoir atá ar Phainéal na nAistritheoirí Gaeilge, agus a bhfuil an Séala Creidiúnaithe acu, á rá go mbeidh an cháilíocht atá acu mar aistritheoirí, an Séala Creidiúnaithe, á bhaint de gach duine a fuair an cháilíocht roimh 2013; cén fáth nach foláir do na haistritheoirí seo an scrúdú a dhéanamh arís; cén uair a bheidh tuilleadh eolais ar fáil. [40154/14]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a mhínigh mé i mo fhreagra ar Cheisteanna Uimh 1763, 1767 agus 1781 faoin ábhar seo cheana ar an 17 Meán Fómhair 2014, is ceist oibríochtúil í seo d'Fhoras na Gaeilge. Ní mór dom a threisiú fosta nach cáilíocht san aistriúchán atá i gcóras creidiúnaithe Fhoras na Gaeilge ach dearbhú i ndáil le caighdeán oibre an aistritheora. Go hachomair, tuigim ó Fhoras na Gaeilge gur cuireadh in iúl d’aistritheoirí a raibh an Séala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí faighte acu roimh 2013 go rachadh an séala atá acu in éag ag deireadh na bliana 2015 ach go gcuirfí scrúdú athchreidiúnaithe ar bun i mbliana agus arís in 2015 don uair dheireanach.
Ag eascairt as plé idir Foras na Gaeilge agus na haistritheoirí le gairid, tuigtear dom go bhfuil an scrúdú athchreidiúnaithe a bhí beartaithe i mbliana curtha ar ceal agus go bhfuil moltaí á lorg ó na haistritheoirí faoin 19 Nollaig 2014 maidir le bearta a chinnteoidh ardchaighdeáin in earnáil an aistriúcháin sa todhchaí.
No comments