Written answers

Wednesday, 22 October 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

233. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an méadóidh sí an deontas a sholáthraítear do Mhná Tí sna ceantair Ghaeltachta mar chúiteamh as na muirir uisce a bhaineann le lóistín a thabhairt do na mic léinn Ghaeilge, agus an ndéanfadh sí a machnamh ar chóras ina mbeadh an bille ón cheathrú nó ón tréimshe roimh ré ar fáil le haghaidh codarsnacht a dhéanamh. [40540/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áthas orm a chur in iúl don Teachta ar dtús go bhfuil i gceist agam leanúint leis an gcúnamh atá ar fáil ó mo Roinnse faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge in 2015 ag an leibhéal céanna agus a bhí ann in 2014. Íocann mo Roinn deontas laethúil de €9.50 i leith an fhoghlaimeora le teaghlaigh aitheanta a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas fad agus a bhíonn said ag freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tugann na cúrsaí seo deis do na foghlaimeoirí dul i dtaithí ar líofacht nádúrtha na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tuigim an ról fíor-thábhachtach atá ag na coláistí Gaeilge i gcur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus tugann mo Roinn gach cúnamh is féidir dóibh chun an ról sin a chur i gcrích. Tá sé i gceist agam tionchar na dtáillí uisce ar Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge a choinneáil faoi bhreithniú. Sa chomhthéacs sin, ní miste a lua go raibh mé i dteagmháil leis an Aire Airgeadais faoi tháillí uisce i gcomhthéacs Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus go bhfuil sé i gceist agam an cheist a phlé fosta leis an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus le hUisce Éireann.

Ní miste a rá, ar ndóigh, go bhfuil an deontas a íocann mo Roinnse faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge saor ó cháin. Ní chuirtear san áireamh ach an oiread é agus iarratais ar éileamh íocaíochta leasa shóisialaigh ón Roinn Coimirce Sóisialaí á meas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.