Written answers
Wednesday, 22 October 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Farantóireachta
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
27. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an t-eolas is deireanaí maidir le síniú an chonartha nua don tseirbhís farantóireachta go hInis Mór roimh dheireadh na míosa seo; cén fáth nach ionann na táillí do na seirbhísí idir na hoileáin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40140/14]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is féidir liom a dheimhniú don Teachta gur thug mo Roinn faoi phróiseas tairisceana d’fhonn iarracht a dhéanamh conradh farantóireachta paisinéirí a aontú don oileán sin. Comhairlítear dom nach mbeadh sé cuí níos mó a rá mar gheall air ag an bpointe seo. Tá an tseirbhís reatha go dtí an oileán sin á reáchtáil ar bhonn príobháideach. Dá bhrí sin, níl aon ionchur ag mo Roinn sna táillí a ghearrtar ar na paisinéirí.
No comments