Written answers

Wednesday, 22 October 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

17. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na hacmhainní breise atá faighte ag Roinn na Gaeltachta sa bhuiséad chun an Straitéis Fiche Bliain a chur i bhfeidhm. [40145/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireadh fomhír nua, fomhír C10, le Vóta mo Roinne in 2014 chun tionscadail ar leith a bhaineann le cur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge a mhaoiniú. Is é €500,000 an soláthar atá san fhomhír sin in 2014. Mar a cuireadh in iúl i gCáinaisnéis 2015 an tseachtain seo chuaigh thart, beidh an soláthar seo méadaithe go dtí €551,000 in 2015. Ní miste a nótáil gur figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastacháin a bheith faofa amach anseo.Tá na bearta seo a leanas á maoiniú as allúntas na Straitéise i mbliana:

- Tá maoiniú de €200,000 á chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta chun cabhrú mar is cuí le cur i bhfeidhm an phróisis pleanála teanga mar a bhaineann sé leis an nGaeltacht;

- Tá maoiniú de €111,900 á chur ar fáil faoin Scéim Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile. Is scéim úr í seo ar cuireadh tús léi i mí an Mhárta 2014 agus é mar chuspóir aici cabhrú le teaghlaigh Ghaeltachta atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge;

- Tá maoiniú de €40,000 á chur ar fáil don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachtale cumasú dóibh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí a chuireann siad ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge sa Ghaeltacht;

- Tá maoiniú de €35,000 á chur ar fáil do Choláiste na Tríonóide chun beirt intéirneach a earcú chun forbairt a dhéanamh ar an tionscadal ABAIR a bhaineann le córas téacs-go-hurlabhra don Ghaeilge;

- Tá maoiniú de thart ar €33,000 á chur ar fáil do dhá thionscadal píolótach chun córais aistriúcháin uathoibríocha staitistic-bhunaithe agus riail-bhunaithe a fhorbairt;

- Tá i gceist maoiniú a chur ar fáil le plean a ullmhú, i gcomhar le ceann de na hinstitiúidí tríú leibhéal in Éirinn agus páirtithe eile ar nós an Chumainn Lúthchleas Gael, chun céim ar líne sa Ghaeilge agus i gcultúr traidisiúnta na hÉireann a fhorbairt. Tá sé mar sprioc go mbeidh an cúrsa á sholáthar tríd an ngréasán d’ollscoileanna thar lear ina bhfuil cúrsaí Gaeilge á maoiniú ag mo Roinn faoi láthair;

- Tá i gceist maoiniú a chur ar fáil chun taighde a dhéanamh ar na bearnaí atá ann ó thaobh na Gaeilge sa réimse teicneolaíochta. Mar thoradh ar an taighde seo, tá i gceist Straitéis Teicneolaíochta don Ghaeilge a fhorbairt chun a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge san áireamh i bhforbairtí teicneolaíochta.

Mar fhocal scoir, ní miste a nótáil go bhfuil an caiteachas ar fad a dhéantar ó na fomhíreanna Gaeilge agus Gaeltachta de chuid mo Roinne fite fuaite leis an Straitéis chomh maith leis an allúntas ar leith a bhaineann go sonrach leis an Straitéis féin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.