Written answers
Tuesday, 21 October 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Taistil Aeir
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
623. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén socrú atá déanta aici lena chinntiú go mbeidh seirbhís farantóireachta paisinéirí go hÁrainn i gCo. na Gaillimhe an geimhreadh seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40313/14]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá tairiscintí lorgtha ag mo Roinn i leith seirbhís farantóireachta paisinéirí idir Árainn agus Ros an Mhíl don tréimhse ón 1 Samhain 2014 go dtí 31 Deireadh Fómhair 2017. Comhairlítear dom nach mbeadh sé cuí níos mó a rá mar gheall air ag an bpointe seo.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
624. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén uair a lorgófar tairiscintí nua le haghaidh na seirbhíse aeir go dtí na hoileáin Árann á chur san áireamh gur féidir leis níos mó ná sé mhí a thógáil ó fhógraítear go bhfuil tairiscinti á lorg (ag cur próiséas léirithe spéise san áireamh) go mbeidh conraitheoir réidh le dul i mbun seirbhíse; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [40314/14]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo Roinn i láthair na huaire ag scrúdú tuarascáil EY maidir le seirbhís aeir Oileáin Árann. Beidh an scrúdú sin críochnaithe go luath agus déanfar cinneadh faoin tseirbhís ina dhiaidh sin. Ní miste a nótáil go bhfuil conradh i bhfeidhm don tseirbhís go dtí 30 Meán Fómhair 2015.
No comments