Written answers

Thursday, 16 October 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

120. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth go bhfuiltear a rá go ndearnadh ró-íocaíocht le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste do 2013; cad iad sonraí na ró-íocaíochta atá i gceist; agus an féidir lena Roinn sonraí agus mapaí a bhaineann leis an ró-íocaíocht a chur chuig an bhfeirmeoir seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39730/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol duit, seans, tá scrúdú á dhéanamh ag mo Roinn faoi láthair ar ghabháltais talún a dearbhaíodh faoi Scéim na hAoníocaíochta agus faoi Scéimeanna Íocaíochta Dírí limistéar-bhunaithe eile. Mar chuid den athbhreithniú seo, aithníodh limistéar neamh-incháilithe agus baineadh amach é as roinnt gabháltas a bhí dearbhaithe ag an duine ainmnithe. Cuireadh an cinneadh sin agus an ceart ar achomharc in iúl don duine ainmnithe. I ndiaidh achomharc ón duine ainmnithe, thug mo Roinn faoi athbhreithniú ar an gcás agus diúltaíodh don achomharc a rinne an duine ainmnithe. Cuireadh toradh an athbhreithnithe seo in iúl don iarratasóir i litir dar dáta an 10ú Feabhra 2014 agus cuireadh in iúl dó go raibh sé de cheart aige achomharc a chur ar aghaidh chuig Coiste Achomharc an LPIS. Roghnaigh an duine ainmnithe leas a bhaint as a cheart chun a chás a achomharc chuig Coiste Achomharc an LPIS atá faoi chathaoirleacht neamhspleách. I ndiaidh dó an t-achomharc a bhreithniú go cuí, dhiúltaigh Coiste Achomharc an LPIS dó agus cuireadh an cinneadh sin in iúl don duine ainmnithe i litir dar dáta an 20ú Lúnasa 2014. Féadfaidh sé an cinneadh seo a achomharc chuig Oifig an Ombudsman más mian leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.