Written answers
Thursday, 16 October 2014
Department of Agriculture, Food and the Marine
Limistéir faoi Mhíbhuntáiste
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
117. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth go bhfuiltear a rá go ndearnadh ró-íocaíocht le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbuntáiste ó 2005 go dtí 2013; cad iad sonraí na ró-íocaíochta atá i gceist do gach bliain; agus an féidir lena Roinn sonraí agus mapaí a bhaineann leis an ró-íocaíocht a chur chuig an bhfeirmeoir seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39721/14]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Léirigh athbhreithniú ar na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta 2013 go raibh roinnt gnéithe neamh-incháilithe i roinnt de na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe. I ndiaidh achomharc ón duine ainmnithe, bhí gá le cuairt ó oifigeach ón Roinn chun cúrsaí a fhíorú, le go bhféadfaí an cás a bhrú chun cinn. Tugadh léarscáileanna nua don duine ainmnithe nuair a cuireadh toradh na cigireachta in iúl i litir dar dáta an 14 ú Iúil 2014 agus cuireadh in iúl go raibh sé de cheart ag an duine ainmnithe achomharc a dhéanamh chuig Coiste Achomharc an LPIS atá faoi chathaoirleacht neamhspleách. Níl aon achomharc déanta go dtí seo.
Chuir an duine ainmnithe foirm leasaithe isteach don bhliain Scéime 2011 chun gabháltas a dheighilt ina Fhéarach Buan agus ina Thalamh Féaraigh Saibhir le Speicis chun críocha na Scéime um Roghanna Comhshaol Talmhaíochta. Rinneadh ró-éileamh mar gheall ar an deighilt agus mar thoradh air sin tháinig laghdú ar an íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste. Bhí duine ó mo Roinn i dteagmháil leis an duine ainmnithe maidir leis an ró-íocaíocht sonrach seo agus i ndiaidh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás, tá an cinneadh tosaigh curtha ar ceal. Eiseofar aon íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2011 atá fós le híoc in am trátha.
Ní dhearnadh aon ró-íocaíochtaí eile leis an duine ainmnithe faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2005 go dtí 2013.
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
118. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine Talmhaíochta, Bia agus Mara cén fáth go bhfuiltear a rá go ndearnadh ró-íocaíocht le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013; cad iad sonraí na ró-íocaíochta atá i gceist; agus an féidir lena Roinn sonraí agus mapaí a bhaineann leis an ró-íocaíocht a chur chuig an bhfeirmeoir seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [39722/14]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Léirigh athbhreithniú ar na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe faoi Scéim na hAoníocaíochta 2013 go raibh roinnt gnéithe neamh-incháilithe i roinnt de na gabháltais talún a dhearbhaigh an duine ainmnithe. Cé gur cuireadh an cinneadh sin agus an ceart maidir le hachomharc a dhéanamh in iúl don duine ainmnithe, níl aon achomharc faighte go dtí seo. Is féidir leis an duine ainmnithe fós achomharc a dhéanamh, más mian leis.
No comments