Written answers

Tuesday, 14 October 2014

Department of Education and Skills

Cóiríocht Scoile

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

244. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil sí ar an eolas faoin drochstaid ina bhfuil scoil i gContae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) faoi láthair agus faoin drochbhail atá ar an mhórchuid den trealamh, rud atá ag cruthú deacrachtaí móra d’fhoireann agus do dhaltaí na scoile; an mbeidh an Roinn ag cur aon tacaíocht airgeadais bhreise ar fáil chun dul i ngleic leis na deacrachtaí; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [38972/14]

Photo of Jan O'SullivanJan O'Sullivan (Limerick City, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is é is cuspóir thar gach ní eile ag mo Roinnse ná a chinntiú go mbíonn rochtain ag gach páiste ar ionad fisiciúil scoile agus go mbíonn ar chumas ár gcóras scoile fónamh ar líonta méadaitheacha daltaí. Dá bhrí sin, i bhfianaise na sriantachtaí airgeadais a thagann ón riachtanas seo, mar atá leagtha amach sa Phlean Chúig Bliana, tá sé riachtanach tosaíocht a thabhairt, agus an maoiniú atá ar fáil á scaipeadh, d'ionaid bhunriachtanacha breise scoile a sholáthar chun freastal ar an éileamh déimeagrafach. Níl an scoil i gceist i gceantar ina bhfuil fás déimeagrafach sainaitheanta.

In ainneoin a bhfuil thuas, is féidir liom a dheimhniú go bhfuair an scoil dá dtagraíonn an Teachta maoiniú suntasach faoi Scéim Oibreacha Éigeandála agus Scéim Oibreacha Samhraidh mo Roinne le blianta beaga anuas, agus gur leithdháileadh breis is €87,000 ar an scoil i gcomhair oibreacha ar a n-áiríodh díon nua a chur in áit chuid den díon a bhí uirthi agus oibreacha eile a dhéanamh ar an díon, coire nua a chur in áit an choire a bhí inti, fuinneoga agus doirse nua a chur inti, cairpéid agus dallóga a sholáthar agus oibreacha a dhéanamh ar chlós na scoile. Níos déanaí arís, chomh maith, tar éis do phost breise príomhshrutha rangsheomra bheith ceadaithe, leithdháil mo Roinn maoiniú ar an scoil i gceist i gcomhair píosaí scaoilte troscáin.

Is ceadaithe d'údaráis na scoile iarratas i gcomhair Oibreacha Éigeandála a chur faoi bhráid más rud é go measann siad go dteastaíonn aon oibreacha eile gur den phráinn ar fad iad. Maidir le breithniú a dhéanamh ar iarratas i gcomhair Oibreacha Éigeandála, ní mór a chur in iúl d'údaráis na scoile gurb é príomhchuspóir na Scéime Oibreacha Éigeandála ná a chinntiú go mbíonn maoiniú ar fáil d'oibreacha práinneacha ag na scoileanna is mó a dteastaíonn acmhainní uathu de bharr ócáid éigeandála. Is éard is éigeandáil ann ná cás ina bhfuil baol láithreach ann don tsláinte, don bheatha, d'airnéis nó don chomhshaol, atá tobann, gan choinne agus a mbeadh beart ag teastáil láithreach dá bharr, nó cás, ó thaobh scoile de, a bheadh ina chúis leis an scoil nó cuid di gan a bheith ar oscailt mura gcuirfí i gceart é. Is féidir teacht ar shonraí faoin Scéim, mar aon le foirm iarratais ar chabhair dheontais, ar shuíomh gréasáin mo Roinne ag www.education.ie.

Is ceadaithe d'údaráis na scoile chomh maith iarratas a chur isteach ar mhaoiniú chun troscán agus trealamh breise a sholáthar ar bhonn leanúnach de réir mar is gá leo iad.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.