Written answers

Tuesday, 14 October 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Íocaíochtaí Deontas

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

82. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a íocfar le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo) fuílleach deontas atá fós gan íoc faoin Scéim Íocaíochta Aonair, faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste agus faoin Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe; cé mhéad deontas atá fós gan íoc leis; cad iad na scéimeanna de réir bhliain na scéime atá i gceist; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38909/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ní raibh aon mhoill ar íocaíocht a eisiúint leis an duine ainmnithe. Tosaíodh íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2014 a eisiúint go náisiúnta de réir na sprice, an 24 Meán Fómhair. Eisíodh íocaíocht chuig cuntas bainc ainmnithe an duine ainmnithe an 24 Meán Fómhair 2014. Níor eisíodh íocaíochtaí faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2012 agus 2013 fós, mar gheall ar cheisteanna nach bhfuil réitithe fós maidir le eastát an duine éagtha. Tá oifigeach ó mo Roinn i dteagmháil dhíreach leis na daoine ainmnithe le súil agus na ceisteanna sin a réiteach agus íocaíocht a dhéanamh go luath ina dhiaidh sin. Níl aon íocaíochtaí amuigh le heisiúint chuig an duine ainmnithe faoin Scéim um Chosaint an Chomhshaoil Tuaithe. Maidir le Scéim na hAoníocaíochta, fuair mo Roinn iarratas ar Aistriú Teidlíochtaí an 15 Bealtaine 2014, chun 7.21 teidlíocht caighdeánacha a aistriú chuig na daoine ainmnithe. De bharr nach raibh an t-iarratas sin comhlánaithe go hiomlán, b’éigean dúinn scríobh chuig na hiarratasóirí chun an fhianaise dhoiciméadach nach raibh faighte fós a fháil. Tá roinnt doiciméadúcháin faighte anois agus tá teagmháil déanta ag mo Roinn leis na hiarratasóirí chun aon cheist eile a réiteach agus chun íocaíocht a eisiúint sa chás seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.