Written answers

Thursday, 25 September 2014

Department of Children and Youth Affairs

Iniúchtaí ar Sheirbhísí Chúram Leanaí

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

17. To ask the Minister for Children and Youth Affairs cén obair atá déanta ar an bpróiseas chun áiseanna cúraim leanaí ar fud na tíre a iniúchadh agus cén obair atá déanta chun na tuarascálacha cigireachta go léir a chur ar fáil ar an idirlíon; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35739/14]

Photo of James ReillyJames Reilly (Dublin North, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá freagracht ag Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, as iniúchadh a dhéanamh ar áiseanna réamhscoile faoin Acht um Chúram Leanaí 1991. Tá mórchlár athchóirithe ar siúl laistigh den Ghníomhaireacht le cur chuige soiléir náisiúnta a fhorbairt i dtaca le hiniúchtaí. Tugadh buan-nósanna imeachta oibríochta isteach le haghaidh a thabhairt ar cheisteanna neamh-chomhsheasmhachta agus le tuilleadh soiléireachta a sholáthar do sheirbhísí réamhscoile, tá tuairiscí iniúchta ar fáil ar líne agus ceapadh cigirí nua le folúntais a líonadh arbh ann dóibh. De bhun an bhuiséid 2014, tá luach €4.5m de mhaoiniú Státchiste á chur ar fáil le tacú le cur i bhfeidhm Chlár Oibre Cáilíochta na Réamhscoileanna, agus táthar ag leithdháileadh €0.5m den mhaoiniú seo i dtreo an chostais a bhaineann le leibhéil fhoirnithe a mhéadú leis an gcóras iniúchta réamhscoile a threisiú.

Rinneadh roinnt leasuithe don Acht um Chúram Leanaí 1991 san Acht um an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach 2013. Táthar ag súil gan mhoill le foilsiú rialachán a thugann éifeacht do na hathruithe reachtaíochta. Tabharfaidh an reachtaíocht nua isteach raon de chumhachtaí nua forfheidhmithe do Chigirí ag leibhéal an réamhionchúisimh. Tabharfar de chumhacht do na Cigirí coinníollacha feabhsaithe a shonrú nach mór do sheirbhís cloí leo agus beifear in ann bagairt go mbainfí a clárú de sheirbhís. Déanfaidh an córas seo soláthar do rialú agus d’fhorfheidhmiú tráthúla agus éifeachtacha na gcaighdeán sna seirbhísí réamhscoile,agus iad cúltacaithe ag reachtaíocht reachtúil.

I Mí Iúil 2013, chuir an FSS tús le foilsiú tuairiscí iniúchta cúlghabhálacha réamhscoile ar líne, agus táthar ag leanúint ar aghaidh leis an bpróiseas seo. Táthar ag foilsiú gach tuairisc nua iniúchta a cuireadh i gcrích ó 1 Iúil 2013 ar aghaidh ar líne freisin. Tá Pobal ag óstáil fhoilsiú na dtuairiscí iniúchta réamhscoile, agus tá siad ar fáil ar shuíomh gréasáin Pobal.

Tá muinín agam go ndéanfaidh na hathchóirithe cuimsitheacha atáthar ag tabhairt isteach soláthar d’fheidhmiú na Gníomhaireachta um Leanaí agus an Teaghlach de réimeas iniúchta réamhscoile atá comhsheasmhach agus láidir.

Ba mhaith liom a rá freisin nach bhfuil san iniúchadh ach cuid amháin den chur chuige i leith cáilíochta agus go mbeidh mo Roinnse ag díriú ar fhorbairt chóras le feabhas a chur ar sheirbhísí cáilíochta agus tacaíochta le hardchaighdeáin a chomhlíonadh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.