Written answers

Thursday, 18 September 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Tacaíochta Teanga

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

287. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici chun an méid Gaeilge a úsáideann daoine go laethúil i gCill Airne, Co. Chiarraí, a mhéadú; an bhfuil a fhios aige go bhfuil an Ghaelscoil sa bhaile ag fás go tapa, go bhfuil suim mhór sa teanga sa bhaile agus gur mhór an chabhair don tionscal turasóireachta níos mó Gaeilge a bheith á labhairt ann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34944/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, tá sé mar aidhm ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge go laethúil a ardú thar shaolré na Straitéise. I gcomhréir lena ról reachtúil, cuireann Foras na Gaeilge réimse tacaíochtaí éagsúla ar fáil chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa phobal ar bhonn uile-oileáin, lena n-áirítear an Scéim Phobal Gaeilge, Scéim na gCampaí Samhraidh, Scéim na nImeachtaí Óige, Scéim na bhFéilte, Scéim na gComplachtaí Drámaíochta agus an Scéim Tacaíochta Gnó. Anuas air seo, tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge do na heagraíochtaí ceannais chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin i réimsí éagsúla, lena n-áirítear tríd an ngaelscolaíocht, forbairt pobail agus forbairt eacnamaíochta. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag .Ní miste a nótáil gur reáchtáladh Oireachtas na Samhna, mórfhéile na Gaeilge, i gCill Airne sna blianta 2010, 2011 agus 2013 agus go reáchtálfar ann é arís i mbliana. Ina theannta sin, tuigtear dom go bhfuil craobh gníomhach de Chonradh na Gaeilge i gCill Airne agus go raibh Ard-Fheis an Chonartha ar siúl i gCill Airne i mbliana. Is léargas dearfach é seo ar an obair reatha atá ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn i gCill Airne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.