Written answers

Thursday, 18 September 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Leathanbhanda

Photo of Brendan GriffinBrendan Griffin (Kerry South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

282. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na pleananna atá aici chun an tseirbhís leathanbhanda a fheabhsú sa Ghaeltacht; an bhfuil sí ar an eolas faoin iliomad fadhbanna sa Ghaeltacht de dheasca easpa seirbhíse leathanbhanda; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [34943/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithním gurb é forbairt an ghréasáin leathanbhanda ceann de phríomhriachtanais bonneagar an lae inniu. Aithním fosta an tábhacht a bhaineann le soláthar leathanbhanda ardluais a bheith ar fáil sa Ghaeltacht, ach go háirithe ag na príomhláithreáin fostaíochta. Sa chomhthéacs sin agus i gcomhthéacs an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a foilsíodh in 2012, is féidir liom a rá go bhfuil an t-ábhar seo á phlé ag oifigigh mo Roinne le hoifigigh na Roinne Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha. Tuigtear dom go bhfuil an Roinn sin ag brú ar aghaidh leis an bPlean Náisiúnta Leathanbhanda agus go bhfuil 3 chéim i gceist leis an bplean seo:

- Éascú a dhéanamh ar an bpróiseas soláthar leathanbhanda trí roinnt de na constaicí a bhí aitheanta ag na soláthróirí leathanbhanda a bhaint as an mbealach;

- Eolas a bhailiú ó na soláthróirí leathanbhanda faoi cad iad na ceantair ina bhfuil sé i gceist acu soláthar leathanbhanda ardluais a sholáthar, ionas go bhféadfaí na ceantair nach bhfuil sé i gceist acu a chlúdach a aithint; agus

- Le cabhair airgid ón Eoraip, maoiniú a dhéanamh ar sholáthar leathanbhanda ardluais (30MB/s) do gach teach agus gnó nach bhfuil sé i gceist ag na soláthróirí leathanbhanda a chlúdach.

Sa chomhthéacs seo, ní miste dom a rá go dtuigtear dom go bhfuil iarratas déanta ag Údarás na Gaeltachta faoin gClár ERDF don tréimhse 2014-2020. Baineann an t-iarratas sin go príomha le seirbhís leathanbhanda ardluais ar chostas réasúnach a chur ar fáil sa Ghaeltacht.

Is féidir liom a dhearbhú go leanfar go tréan leis na hiarrachtaí teacht ar bhealaí chun a chinntiú go mbeidh soláthar leathanbhanda ardluais ar chostas réasúnach ar fáil sna ceantair Ghaeltachta a luaithe agus is féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.