Written answers

Wednesday, 17 September 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

1774. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén cistiú a cuireadh ar fáil d’Fhoras na Gaeilge gach bliain ó 2011 i leith; an bhfuil sé i gceist aici an cistiú seo a mhéadú an bhliain seo chugainn. [34498/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is mian liom aird an Teachta a tharraingt ar an bhfreagra a tugadh ar Cheist Dála Uimh 116 den 26 Meitheamh 2014.Léirítear sa tábla seo a leanas an caiteachas iarbhír a rinne Foras na Gaeilge ó na hallúntais chómhaoinithe a chuir mo Roinnse ar fáil don eagraíocht le linn na tréimhse ó 2011 go 2014:

Bliain
2011

€m
2012

€m
2013

€m
2014

€m
Buiséad
13.494
13.160
12.386
11.519

(meastachán)


Ní miste a nótáil nach bhfuil an maoiniú ar leith ó mo Roinnse i ndáil le Clár na Leabhar Gaeilge agus Colmcille san áireamh anseo.

Maidir le 2015, tuigfidh an Teachta go mbraithfidh an buiséad ar phróiseas na Meastachán sa dlínse seo agus ar chinneadh na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas i dtráth cuí. Ní miste a shoiléiriú, áfach, go bhfuil sé aontaithe cheana féin ag na Ranna Airgeadais sa dá dhlínse go gcaithfidh na forais trasteorainn go léir sábháil éifeachtúlachta de 4% ar a laghad a chur i bhfeidhm in 2015.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.