Written answers
Wednesday, 16 July 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
25. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfar an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach a chur ar ceal ag deireadh na bliana 2016; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31204/14]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh. Sa chomhthéacs seo, tá plé ar bun ag mo Roinn, i gcomhar le Roinn an Taoisigh, le páirtithe leasmhara éagsúla, institiúidí an Aontais Eorpaigh san áireamh, ar mhaithe le moltaí sonracha a fhorbairt maidir leis an chur chuige is fearr i dtaca leis an maolú. Beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha. Mar chuid de straitéis an Rialtais chun a chinntiú go mbeidh foireann leordhóthanach cháilithe ann chun freastal ar na riachtanais a eascraíonn as an Ghaeilge a bheith aitheanta mar theanga oifigiúil agus oibre de chuid an Aontais Eorpaigh, cuireann mo Roinn maoiniú substaintiúil ar fáil i gcomhar réimse de shainchúrsaí tríú leibhéal agus chun téarmaíocht Ghaeilge a fhorbairt do bhunachar téarmaíochta an Aontais Eorpaigh dar teideal InterActive Terminology for Europe nó IATE, mar a thugtar go coitianta air.
Tagraíonn an maolú go sonrach do na hinstitiúidí Eorpacha a bheith ag leanúint ar aghaidh ag glacadh céimeanna chun rochtain an phobail ar fhaisnéis i nGaeilge ar ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a fheabhsú. Chomh maith leis an cheanglas dlíthiúil íosta a chomhlíonadh, ní miste a nótáil go soláthraíonn príomhinstitiúidí an Aontais Eorpaigh raon leathan de sheirbhísí Gaeilge atá neamhreachtach den chuid is mó agus atá dírithe ar rochtain an phobail ar fhaisnéis i nGaeilge a fheabhsú. I measc na seirbhísí seo, áirítear freagraí ar chomhfhreagras i nGaeilge, ábhar do shuíomhanna gréasáin, preasráitis, bróisiúir eolais agus fógraí folúntais. Ina theannta sin, cuireann príomhinstititiúidí an Aontais Eorpaigh seirbhísí i nGaeilge ar fáil do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, don Ombudsman Eorpach agus do Choiste na Réigiún.
No comments