Written answers
Wednesday, 16 July 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
20. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht céard iad na pleananna atá aici don tseirbhís fhóirdheonaithe aeir go dtí Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [31156/14]
Joe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Fógraíodh ar an 8 Iúil go bhfuil síneadh bliana go dtí 30 Meán Fómhair 2015 curtha leis an chonradh atá ag mo Roinn le hAer Arann chun seirbhís aeir faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí a chur ar fáil d’Oileáin Árann. Beidh an tseirbhís chéanna ann faoin chonradh úr is atá ann faoin chonradh reatha. Faoi théarmaí an chonartha reatha, bhí sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis. Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn an comhlacht EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas na seirbhíse aeir, i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Foilsíodh an tuarascáil athbhreithnithe ar shuíomh gréasáin mo Roinne ar an 28 Bealtaine agus cuireadh í faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh. Is tuarascáil chuimsitheach atá inti a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go dtí 2013. Aithníonn an tuarascáil na tionchair éagsúla atá ag an tseirbhís aeir ar shaol na n-oileánach chomh maith le costais éagsúla na seirbhíse agus treocht na gcostas le linn na tréimhse sin. Tabharfaidh an síneadh bliana atá curtha leis an chonradh aerseirbhíse deis do mo Roinn an tuarascáil a mheas sa tréimhse atá romhainn.
No comments