Written answers

Wednesday, 16 July 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

14. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht mar gheall ar Bhílle na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 an mbeidh foráil nua san Acht go mbeidh ar a laghad 10% de na fostaithe sa státseirbhís in ann cumarsáid shásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31203/14]

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal North East, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, rinneadh athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 i gcomhréir leis an ghealltanas a tugadh i gClár an Rialtais 2011-2016. Mar thoradh ar an athbhreithniú, d'fhoilsigh mo Roinn Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreáin. Déantar foráil i gCeann 6 den Bhille beartaithe do leasú ar alt 13 den Acht. Is é a bheidh i gceist leis sin ná fo-alt nua a chur isteach in alt 13(2), ina ndeirtear go sonrófar i scéimeanna teanga na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo. Eascraíonn an leasú sin as cinneadh Rialtais an 30 Deireadh Fómhair 2013 i ndáil le deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh as oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit. Is í an aidhm atá ag an chóras nua an líon dátheangach feidhmiúla sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, ní miste a nótáil go sonrófar i bpleananna fórsa oibre Ranna agus Oifigí Rialtais amach anseo na poist/réimsí oibre ina mbeidh gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúla. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó ag freastal ar na ceantair sin.

Tuigtear go raibh sé i gceist triail a bhaint as na socruithe nua sa chomórtas earcaíochta Oifigigh Feidhmiúcháin amach anseo. Mar gheall go bhfuil áit tosaíochta á tabhairt anois do chomórtas d’Oifigigh Chléireachais, áfach, agus nach mbeidh an comórtas d’Oifigigh Feidhmiúcháin á reáchtáil go dtí tráth níos faide anonn sa bhliain, tá na socruithe nua á dtriail sa chomórtas d’Oifigigh Chléireachais atá ar siúl faoi láthair ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé beartaithe go mbunófar fo-phainéal de dhátheangaigh atá feidhmiúil sa Ghaeilge, a dhéanfaidh suas céatadán, suas le 6%, den phainéal d'Oifigigh Chléireachais foriomlán. Ní mór do na hiarrthóirí a cheapfar ón phainéal seo a bheith in ann raon iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní miste a chur in iúl chomh maith go n-éilítear ar chomhlachtaí poiblí, de réir alt 13(d) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus a bpleananna teanga á n-ullmhú acu, a chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais Ghaeilge faoi leith a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.