Written answers

Tuesday, 15 July 2014

Department of Environment, Community and Local Government

Forbairt Pobail Áitiúla

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

519. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil céard iad na pleananna atá aige leis an gClár um Chuimsiú Sóisialta agus Clár Leader a sheachadadh sa nGaeltacht; an bhfuil sé i gceist aige freastal ar an nGaeltacht ar fad trí chomhlacht amháin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [31540/14]

Photo of Alan KellyAlan Kelly (Tipperary North, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Déanann na moltaí atá leagtha amach i Putting People First – Action Plan for Effective Local Governmentiarracht rialtais áitiúil a lonnú "mar príomh-fheithicil rialachais agus seirbhís poiblí ag leibhéal áitiúil – ag tabhairt cinnireacht eacnamaíochta, sóisialta agus forbairt pobail, ag chur seirbhísí éifeachtúla agus dea-luach i bhfeidm, agus ag tabhairt ionadaíocht éifeachtach agus cuntasach ar son saoránaigh agus pobail áitiúla ".

Mar chuid den chlár athchóirithe rialtais áitiúil, tá Coistí Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) á bhunú i ngach ceantar údaráis áitiúil. Beidh na Coistí seo, a chuimsíonn leasanna socheacnamaíochta poiblí-príobháideacha, freagrach as cláir fhorbartha pobail áitiúla ar bhonn ceantair lena n-áirítear an Clár Gníomhachtúcháin Pobail agus Cuimsiú Sóisialta (SICAP). Forbróidh siad agus déanfaidh siad comhordú agus cur i bhfeidhm ar fhorbairt áitiúil agus pobail ag úsáid cur chuige níos comhtháite ná roimhe seo, leis an aidhm dúbail agus forluí a laghdú agus an úsáid is fearr a fháil as na hacmhainní atá ar fáil ar leasa le saoránaigh agus pobail.

Tá SICAP ar cheann de na tosaíochtaí is tábhachtaí dom agus déanfar cinneadh maidir lena mbuiséid don bhliain seo chugainn i bpróiseas Meastacháin 2015. De réir cleachtas idirnáisiúnta, an Chóid Caiteachas Poiblí, comhairle dlí agus chun a chinntiú go ndéantar chur i bhfeidhm ard-caighdeach ar sheirbhísí do chliaint, beidh an Clár faoi réir próiseas soláthair phoiblí, atá ar siúl faoi láthair. Ba é an 11 Iúil 2014 an dáta deiridh le haghaidh admháil léirithe spéise faoi Chéim 1 den phróiseas.

Is próiseas iomaíoch é an próiséas soláthair poiblí atá oscailte do Chuideachtaí Áitiúla Forbartha, grúpaí eile pobail neamhbhrabús, gnónna tráchtála agus eagraíochtaí náisiúnta gur féidir leo na seirbhísí atá le tairiscint don Chlár nua a sheachadadh. Spreagtar comh-iarratais agus tugtar cuireadh do heagraíochtaí de mhéideanna éagsúla(mar shampla eagraíochtaí beaga ag obair i dteannta le heagraíochtaí níos mó) comh-iarratais a chur isteach. Ní mór d'iarratasóirí sa chéad céim den phróiseas tairiscinte a thaispeáint go gcomhlíonann siad na critéir do sheachadadh seirbhísí sa Mír(eanna) a dhéanann siad iarratas ar/orthu. Tá 31 "Mír" á chur ar fáil faoin bpróiseas tairiscinte, bunaithe ar limistéir na nÚdarás Áitiúil - i gcásanna áirithe is féidir iad seo a roinnt isteach in aonaid níos lú ag Céim a dó den bpróiseas. Cuireadh Ceantair Gaeltachta agus Oileán san áireamh sna Míreanna a chlúdaíonn na húdaráis áitiúla faoina seach.

Tá ról ag iarrthóirí Comhpháirtí i gcur i bhfeidhm an chláir. Ní mór d’iarrthóirí Comhpháirtí den sórt sin a shainaithint sa Cheistiúchán maidir le Cáilíocht agus féadfaidh socrú conarthach a bheith ag teastáil idir an Iarrthóra Luaidhe agus aon iarrthóirí Comhpháirtí. Is féidir le hiarrthóirí brath ar acmhainní eiseadh eile d'fhonn na riachtanais oiriúnachta a shásamh ar choinníoll gur féidir leo a chruthú chun sástacht Phobal go mbeidh na hacmhainní sin ar fáil dóibh nuair is gá.

Táim sásta go bhfuil an próiseas soláthair ar siúl i gcomhréir leis an gcleachtas is fearr agus go bhfuil an an t-eolas ábhartha ar fad, maidir leis an bpróiseas, ar an doiciméadú atá ar r-Tairiscintí. Táim ag tnúth le toradh an phróisis soláthair agus ar leathnú amach SICAP i mí Eanáir 2015.

Maidir le pleananna do LEADER, cuireadh an dréacht Clár Forbartha Tuaithe (CFT) 2014-2020 Oibriúcháin faoi bhráid an Choimisiúin Eorpach agus is féidir téacs an chlár iomlán a fháil ar an nasc seo

. Léiríonn an doiciméad seo na socruithe do sheachadadh na gnéithe LEADER den CFT i gceantair thuaithe agus cur síos ar na limistéir 28 fo-réigiúnach a mbeidh Straitéisí Forbartha Áitiúla LEADER (SFA) a fhorbairt. Sa chomhthéacs seo agus mar chuid den phróiseas roghnaithe SFA beidh mo Roinn ag iarraidh ar SFA amháin agus Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil amháin do gach chontae taobh amuigh de chontae Chorcaí áit a mbeidh 3 Ghrúpaí Gníomhaiochta Áitiúla ag teastáil. I gcomhthéacs na ceantair Ghaeltachta beidh na critéir maidir le roghnú na SFA forbartha chun a chinntiú go gcaithfidh aon chontae ina bhfuil ceantar Gaeltachta aghaidh a thabhairt go sonrach ar riachtanais na bpobal Gaeltachta agus cuid airithe dá dháil airgeadúil LEADER a imfhállaigh mar chuid den phróiseas forbartha SFA.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.