Written answers

Tuesday, 8 July 2014

Department of Public Expenditure and Reform

Na Forais Thuaidh Theas

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

323. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an dtabharfaidh sé sonrú ar na céatadáin sábhála éifeachtúla a d’aontaigh na Ranna airgeadais sa dá dhlinse do na forais trasteorann sna blianta 2012, 2013 agus 2014 agus cén laghdú iarbhír a cuireadh i bhfeidhm i ngach ceann de na forais trasteorann sna blianta céanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [29530/14]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Eisíonn mo Roinn agus an Roinn Airgeadais agus Pearsanra i dTuaisceart Éireann doiciméad comhaontaithe Treoir Pleanála Gnó chuig na ForaisThuaidh Theas gach bliain. San áireamh sa Treoir Pleanála Gnó bíonn treoir maidir leis an íos-sábháil éifeachtúlachta a bhíonn le cur i gcrích ag na Forais an bhliain dár gcionn. Ba iad 3% do 2012, 3% do 2013 agus 4% do 2014, na riachtanais sábhála chomhaontaithe.

Seo a leanas an gearradh céatadáin a cuireadh i bhfeidhm ar vótaí na Ranna Éireannacha ábhartha.

Eagras201220132014
An Foras Forbartha Trádála agus Gn . (InterTrade Ireland)-3%+1%*-4%
Uiscebhealaí Éireann (Waterways Ireland)-10%-6%-5%
An Foras Teanga (The Language Body)-6%-5%-7%
Foras Um Chláir Speisialta (Special EU Programmes Body)-4%+2%*-4%
Turasóireacht Éireann (Tourism Ireland)-3%-3%-4%
An Bord um Chur Chun Cinn Sabháilteachta Bia (SafeFood)0%**0%-3%
Gníomhaireacht na Lochanna (Loughs Agency)-3%-3%-4%
* Tá buiséad steirlinge ag na Forais seo a laghdaíodh faoi 3% in 2012, 3% in 2013 agus 4% in 2014. Léiríonn buiséid vótáilte na Ranna Éireannacha na laghduithe seo agus na rátaí malartaithe pleanála euro/steirling sa tréimhse luaite.

** Bhí an meastachán don bhliain 2011 don Bhord um Chur Chun Cinn Sabháilteachta Bia 11% níos ísle ná an bhliain 2010.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.