Written answers

Tuesday, 1 July 2014

Department of Environment, Community and Local Government

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

298. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government an bhfuil sé i gceist anois go mbeidh Údarás na Gaeltachta ag dul in iomaíocht leis na Coistí Áitiúla Forbartha Pobail (LCDC's) don chéad sciar eile do mhaoiniú Leader/Forbairt Pobail Tuaithe le haghaidh cuid dá mhaoiniú nó an mbeidh a chuid maoinithe ag teacht go hiomlán ó Roinn na Gaeltachta. [28414/14]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Maidir le gnéithe nua LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe 2014-2020, cuirfear na gnéithe seo i bhfeidhm ag baint úsáid as cur chuige rannpháirteach pobalthreoraithe, sa chaoi go dtiocfaidh comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha áitiúla le chéile chun gníomhaíochtaí pobal-mhaoinithe a mbeidh baint acu leo a phleanáil agus a chur i bhfeidhm agus cinní a dhéanamh ina dtaobh. I gcomhthéacs Chlár LEADER, is iad na Grúpaí Gníomhaíochta Áitiúla a chuireann an cur chuige seo i bhfeidhm. Tá na riachtanais a bhaineann le comhdhéanamh na ngrúpaí seo leagtha síos i rialacháin an AE agus ina measc siúd tá riachtanas ann go mbeadh cothromaíocht sainiúil ann maidir le dreamanna socheacnamaiocha poiblí agus príobháideacha chun an cur chuige pobalthreoraithe a threisiú. Ní chomhlíonann Údarás na Gaeltachta na riachtanais seo agus, dá réir sin, ní bheadh an tÚdarás i dteideal moladh a chur isteach mar Ghrúpa Gníomhaíochta Áitiúil faoin gClár.

Faoin gClár nua, áfach, tá sé ar intinn ag mo Roinn dul i dtreo múnla Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil a bheadh bunaithe níos mó ar rannpháirtíocht agus ar chomhpháirtíocht agus a thabharfaidh na rannpháirtithe tábhachtacha áitiúla le chéile, idir ionadaithe áitiúla agus pobail, rialtais áitiúla agus gníomhaireachtaí Stáit, chun réimse seirbhísí poiblí a bheadh pobalbhunaithe agus áitiúil a phleanáil agus a sheachadadh ina gceantar féin. Sa chomhthéacs seo, is féidir breathnú ar Údarás na Gaeltachta mar chomhpháirtí an-tábhachtach ar Ghrúpaí Gníomhaíochta Áitiúla éigin, agus gach seans go mbeadh ról aige i seachadadh gníomhaíochtaí LEADER i gceantair Ghaeltachta ar son na ngrúpaí sin.

Maidir le maoiniú príomhshrutha Údarás na Gaeltachta, is ceist í sin do mo chomhghleacaí, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.