Written answers

Tuesday, 1 July 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Photo of Robert DowdsRobert Dowds (Dublin Mid West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

266. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2014 a leasú chun (a) foráil nua a chur san Acht go mbeidh ar a laghad deich faoin gcéad de na fostaithe sa státseirbhís in ann cumarsáid shásúil a dhéanamh leis an bpobal trí Ghaeilge, agus (b) foráil nua a chur san Acht go mbeidh faoi dheireadh 2016 gach seirbhís ar fáil do phobal na Gaeltachta trí Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28142/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tar éis an athbhreithnithe ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, d'fhoilsigh mo Roinn Cinn Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014 i mí Aibreáin. Déantar foráil i gCeann 6 den Bhille beartaithe do leasú ar alt 13 den Acht. Is é a bheidh i gceist leis sin ná fo-alt nua a chur isteach in alt 13(2), ina ndeirtear go sonrófar i scéimeanna teanga na poist i gcomhlachtaí poiblí a bhfuil riachtanas inniúlachta Gaeilge ag gabháil leo. Léirítear leis an leasú sin cinneadh Rialtais an 30 Deireadh Fómhair 2013 i ndáil le deireadh a chur le marcanna bónais a bhronnadh as oilteacht Ghaeilge in earcaíocht agus comórtais ardaithe céime na Státseirbhíse agus córas nua bunaithe ar inniúlacht a chur ina áit, a mbeidh sé mar aidhm aige an líon dátheangach feidhmiúla sa Státseirbhís a mhéadú. Ina theannta sin, ba chóir a thabhairt faoi deara go sonrófar i bpleananna fórsa oibre Ranna agus Oifigí Rialtais amach anseo na poist/réimsí oibre ina mbeidh gá le baill foirne atá in ann feidhmiú sa dá theanga oifigiúil. Ag féachaint do chur i bhfeidhm Acht na Gaeltachta 2012, iarrtar ar Ranna aird ar leith a thabhairt ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó ag freastal ar na ceantair sin.

Tuigtear dom ón Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe go raibh sé ar intinn triail a bhaint as na socruithe nua sa chomórtas earcaíochta Oifigigh Feidhmiúcháin (OF). Mar gheall go bhfuil áit tosaíochta á tabhairt anois do chomórtas Oifigigh Chléireachais (OC), áfach, agus nach mbeidh an comórtas OF á reáchtáil go dtí tráth níos faide anonn sa bhliain, tá na socruithe nua á dtriail sa chomórtas OC atá ar siúl faoi láthair ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí. Tá sé beartaithe go mbunófar fo-phainéal de dhátheangaigh atá feidhmiúil sa Ghaeilge, a dhéanfaidh suas céatadán, suas le 6%, den phainéal OC foriomlán. Ní mór do na hiarrthóirí a cheapfar ón bpainéal seo raon iomlán seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

Ní miste a chur in iúl chomh maith go n-éilítear ar chomhlachtaí poiblí, de réir alt 13(d) d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus a bpleananna teanga á n-ullmhú acu, a chinntiú go gcomhlíonfar na riachtanais Ghaeilge faoi leith a bhaineann le seirbhísí a sholáthar sa Ghaeltacht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.