Written answers

Thursday, 26 June 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Buiséad Údarás na Gaeltachta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

117. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén laghdú atá déanta ar bhuiséad Údarás na Gaeltachta le ceithre bliana anuas agus an féidir a dheimhniú nach ndéanfar aon chiorrú eile ar an mbuiséad seo do 2015; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27664/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, ní miste dom a mheabhrú don Teachta gur chinn an Rialtas deiridh an soláthar airgid don Údarás ón Státchiste a laghdú ó €32.915m in 2010 go €19.6m in 2011 – laghdú de bhreis ar 40% in aon bhliain amháin. Don tréimhse 2011-2014, tá oll-laghdú de bheagnach 11% curtha i bhfeidhm ar bhuiséad an Údaráis, sa réimse riaracháin go príomha. Tá briseadh síos do na blianta sin léirithe sa tábla thíos.

Bliain
Caipiteal


€m
Reatha (Riarachán)

€m
Reatha (Teangabhunaithe)

€m
Iomlán


€m
20116.010.33.319.6
20125.9389.8713.27319.082
20136.09.0093.418.409
20145.6878.7983.017.485

Mar is eol don Teachta, cuirtear leis an soláthar airgid ón Státchiste le hioncam an Údaráis óna chuid acmhainní féin (i.e. ioncam ó chíosanna, díol maoine, srl.)

Maidir le buiséad an Údaráis don bhliain 2015, ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2014 go mbeadh athbhreithnithe cuimsitheacha ar chaiteachas caipitil agus reatha le cur i gcrích ag na Ranna Rialtais go léir le linn 2014. Tá na hathbhreithnithe seo mar bhunús do chreat buiséid ilbhliantúil an Rialtais agus déantar iad ar bhonn tréimhsiúil le cinntiú go bhfuil caiteachas na Ranna i gcomhréir leis na tosaíochtaí Rialtais. Tá na hathbhreithnithe sin ar bun faoi láthair agus déanfaidh an Rialtas iad a mheas níos deireanaí i mbliana i gcomhthéacs a chuid pleananna caiteachais do 2015 agus do na blianta ina dhiaidh sin. Tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid an Údaráis ón Státchiste don bhliain 2015 a mheas i gcomhthéacs na n-athbhreithnithe sin agus i gcomhthéacs an phróisis meastachán agus cáinaisnéise níos déanaí i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.