Written answers

Thursday, 12 June 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

157. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair nó faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth a bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24983/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Fuair mo Roinn iarratas faoi Scéim na hAoníocaíochta/Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013 ón duine ainmnithe an 19 Aibreán 2013. Nuair a bhí an t-iarratas próiseáilte tugadh faoi deara go raibh forluí i gceist maidir le dhá ghabháltas talún a bhí tugtha ar an iarratas. Tar éis comhfhreagras idir mo Roinnse agus an duine ainmnithe, tá an t-ábhar seo anois réitithe agus tá an t-iarratas á phróiseáil faoi láthair le híocaíocht a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.