Written answers

Wednesday, 11 June 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cruthú Fostaíochta

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

29. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24461/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimh 5 den 17 Aibreán 2014. Mar a thug mé le fios san fhreagra sin, tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cruthaíodh 616 post nua in 2013 i gcliant-chuideachtaí de chuid an Údaráis sa Ghaeltacht. Ag deireadh na bliana sin, bhí 7,650 post i gcliant-chuideachtaí de chuid an Údaráis, lena n-áirítear 6,970 post lánaimseartha agus 680 post páirtaimseartha. Tuigim ón Údarás fosta gurb é an sprioc fostaíochta atá ag an eagraíocht do 2014 ná 520 post nua a chruthú agus go bhfuil siad sásta go mbainfear an sprioc fostaíochta sin amach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.