Written answers

Wednesday, 11 June 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Aeir Fóirdheonaithe

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

18. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén chomhairle atá tugtha ag Ernest &Young le muintir Oileán Árann agus le fostóirí ar Oileáin Árann mar gheall ar aersheirbhís chuig Oileáin Árann. [24458/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Dírím aird an Teachta ar an fhreagra a thug me ar Cheist Tosaíochta Uimh 1 don lá inniu. Tá conradh i bhfeidhm ag mo Roinn le hAer Arann chun seirbhís aeir a chur ar fáil chuig na hOileáin Árann. Tiocfaidh deiridh leis an chonradh ar 30 Meán Fómhair. Faoi théarmaí an chonartha, tá sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis go 30 Meán Fómhair 2015.

Mar is eol don Teachta, d’fhostaigh mo Roinn an comhlacht EY chun athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas na seirbhíse aeir i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Agus an t-athbhreithniú ar siúl ag EY, tuigtear dom go ndearnadh teagmháil dhíreach le páirtithe leasmhara éagsúla chun a dtuairimí a fháil faoin tseirbhís aeir. Ina theannta sin, tuigtear dom gur tugadh deis, trí na comharchumainn ar na hoileáin, páirtithe leasmhara eile a aithint a mbeadh suim acu aighneacht a dhéanamh.

Tá an tuarascáil athbhreithnithe curtha i gcrích ag an chomhlacht EY agus foilsíodh é ar shuíomh gréasáin mo Roinne ar an 28 Bealtaine. Is tuarascáil chuimsitheach atá ann a chlúdaíonn an tréimhse ó 2003 go dtí 2013. Aithníonn an tuarascáil na tionchair éagsúla atá ag an tseirbhís aeir ar shaol na n-oileánach chomh maith le costais éagsúla na seirbhíse agus an treo ina bhfuil na costais sin ag dul.

Tá an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh. Maidir leis an chéad chéim eile, tá sé ag dul do na páirtithe leasmhara go léir go scrúdófar gach a bhfuil sa tuarascáil chun go mbeidh an Roinn ábalta freastal ar riachtanais na n-oileán uile taobh istigh de na hacmhainní atá ar fáil. Beifear ag scrúdú na moltaí atá sa tuarascáil go mion sa tréimhse atá romhainn sula dtógtar aon chinneadh maidir le todhchaí na seirbhíse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.