Written answers

Thursday, 5 June 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Eitilte

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

74. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige síneadh a chur le conradh Aer Árann le seirbhís aeir a chur ar fáil chuig Oileáin Árann, agus na moltai atá sa tuarascáil a foilsíodh le gairid agus an t-achar gearr atá fágtha sa gconradh reatha mura gcuirtear síneadh leis á gcur san áireamh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [24067/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh mé an tuarascáil athbhreithnithe a rinne EY ar an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ar an 28 Bealtaine. Tá an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1008/2008/EC.

Beidh na moltaí atá sa tuarascáil á scrúdú go mion ag mo Roinn sa tréimhse atá romhainn sula dtógtar cinneadh maidir leis an gcéad chéim eile. Tá an conradh aerseirbhíse reatha i bhfeidhm go 30 Meán Fómhair 2014 agus tá sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.