Written answers

Wednesday, 4 June 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Eitilte

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

105. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad í an chéad chéim eile maidir leis an aersheirbhís d'Oileáin Árann tar éis tuarascáil Ernst & Young ar an OSP don aersheirbhís a fháil; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [23958/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, d'fhoilsigh mé an tuarascáil athbhreithnithe a rinne EY ar an tseirbhís aeir d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí ar an 28 Bealtaine. Tá an tuarascáil curtha ag mo Roinn faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh i gcomhréir le Rialacháin an Aontais Eorpaigh 1008/2008/EC. Beidh na moltaí atá sa tuarascáil á scrúdú go mion ag mo Roinn sa tréimhse atá romhainn sula dtógtar cinneadh maidir leis an gcéad chéim eile. Tá an conradh aerseirbhíse reatha i bhfeidhm go 30 Meán Fómhair 2014 agus tá sé de rogha ag mo Roinn síneadh bliana a chur leis.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.