Written answers

Thursday, 15 May 2014

Department of Education and Skills

Cóiríocht Scoile

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

89. To ask the Minister for Education and Skills cén fáth nár ceadaíodh an dara rang naíonán sóisearach i nGaelscoil Chnoc na Ré, Sligeach, don bhliain scoile 2014-2015, ag cur aidhmeanna na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge i gcuntas; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22012/14]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuair mo Roinnse iarratas ón scoil dá dtagraíonn an Teachta ar chead leathnú ó scoil aonsrutha go scoil dhá shruth i.e. ó scoil 8 rangsheomra go scoil 16 rangsheomra.

Mar is eol gan dabht don Teachta, is é an cuspóir atá leis an gcaiteachas caipitil ar an oideachas, thar ní ar bith eile, ná aghaidh a thabhairt ar an dúshlán déimeagrafach atá roimh an gcóras oideachais, sa mhéid go bhfuiltear ag súil le méadú de tuairim is 107,000 dalta breise ar an rollachán iomlán i mbunscoileanna agus iar-bhunscoileanna le chéile idir 2012 agus 2019 – breis is 70,000 ag an mbunleibhéal agus breis is 35,000 ag an iar-bhunleibhéal – agus go dtiocfaidh méadú ar an rollachán ag an iar-bhunleibhéal i gcónaí go dtí 2026 ar a laghad. Tá sé mar thosaíocht, dá bhrí sin, ag mo Roinnse a chinntiú go mbíonn ar chumas na scoileanna i gceantar, i bpáirt lena chéile, freastal ar gach dalta atá ag iarraidh ionaid. Níl ar chumas mo Roinne scoil amháin a fhorbairt áit a rachadh sé sin i gcion go díobhálach ar scoileanna eile sa cheantar.

I gcás Shligigh, tá sé réamheasta go mbeidh an líon foriomlán daltaí sna 13 scoil i scoilcheantar Shligigh, cobhsaí, a bheag nó a mhór, go dtí 2019, ach go dtiocfaidh laghdú ar an líon foriomlán daltaí a rollófar as sin amach. I gcás Ghaelscoil Chnoc na Ré, tá na rollacháin tar éis bheith cobhsaí, a bheag nó a mhór. Tháinig méadú 11 dalta orthu sa tréimhse ó 2008 anuas. Ó thaobh na cóiríochta scoile de, mar sin, tá dóthain cumais ar fáil sna scoileanna atá ann faoi láthair chun freastal ar an éileamh ar ionaid scoile. Ina leith sin, d'fhéadfadh 8 rangsheomra breise, a bheadh ag freastal ar suas le 224 dalta i gcás na scoile i gceist, dul i gcion go suntasach ar scoileanna eile sa scoilcheantar chéanna. Dá réir sin, táthar tar éis a chur in iúl don údarás scoile nach bhfuil ar chumas mo Roinne géilleadh d'iarratas na scoile maidir le rang breise de naíonáin shóisearacha i mí Mheán Fómhair 2014.

D'fhonn na treochtaí sa rollachán daltaí i gceantar Shligigh a mheasúnú a thuilleadh, áfach, beidh mo Roinn i dteagmháil arís leis na húdaráis scoile sna 13 bhunscoil i gceantar Shligigh maidir le sonraí faoin rollachán daltaí, eolas faoi réamh-rollacháin scoile don bhliain acadúil 2014/2015 san áireamh. Beidh na sonraí seo, nuair a bheas siad coimeádta agus athbhreithnithe, ina gcabhair bhreise ag mo Roinn chomh maith chun an t-éileamh foriomlán ar oideachas trí mheán na Gaeilge a mheasúnú. Mar is eol don Teachta, táim tiomanta don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 a chur i bhfeidhm, ós rud é go mbaineann na moltaí inti le sainchúram mo Roinne. Ina leith sin, tá mo Roinn tar éis freagairt ar an éileamh méadaitheach ar oideachas trí mheán na Gaeilge. Ag an mbunleibhéal, tá mar fhianaise air sin an líon reatha Gaelscoileanna, i.e. 142 bhunscoil lán-Ghaelach a bunaíodh lasmuigh de cheantair Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.