Written answers
Tuesday, 13 May 2014
Department of Agriculture, Food and the Marine
Íocaíochtaí Deontas
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
531. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim um Chosaint na Timpeallachta Tuaithe 4 (REPS 4) le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo), cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21357/14]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chuaigh an té atá ainmnithe isteach i Scéim REPS 4 i Meitheamh 2008 agus fuair íocaíochtaí maidir leis an gcéad chúig bhliana dá chonradh.
Is beart faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 é REPS 4 agus tagann faoi réir Rialacháin AE. Faoi na Rialacháin sin éilítear seiceálacha riaracháin mionsonraithe a thabhairt i gcrích ar gach iarratas sula ndéantar aon íocaíocht.
Tugadh neamhréireacht faoi deara le linn an phróisis sin agus dá bharr bhí tuilleadh soiléireachta de dhíth.
Tá an scéal réitithe anois agus déanfar an íocaíocht faoi Scéim REPS 2013 a phróiseáil le súil is íocaíocht a dhéanamh a luaithe agus is féidir.
No comments