Written answers

Thursday, 1 May 2014

Department of Social Protection

Oifigí Leasa Shóisialaigh

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

81. To ask the Minister for Social Protection an bhfuil socrú á dhéanamh chun oifig leasa shóisialaigh a oscailt i nGaeltacht Chonamara; cén uair a bhfuil sé i gceist aici oifig den sórt sin a chur ar bun; cá mhéad ball foirne a bheidh lonnaithe inti; an mbeidh Gaeilge líofa ag an bhfoireann ar fad agus cad iad na seirbhísí a bheidh á gcur ar fáil ón oifig sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19764/14]

Photo of Joan BurtonJoan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon cinneadh déanta oifig leasa shóisialaigh a oscailt i nGaeltacht Chonamara. Tá seirbhís ar fáil anois ó oifigí na Roinne i gcathair na Gaillimhe agus sa Chlochán. Tá baill foirne sna hoifigí sin atá in ann seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil agus beidh sé sin amhlaidh feasta. Féadann custaiméirí dul i dteagmháil leis an tseirbhís ar an bhfón, i r-phoist, tríd an bpost nó trí ghlaoch ar an oifig.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.