Written answers

Wednesday, 30 April 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Oileáin Árann

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

417. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir leis an aersheirbhís go dtí Oileáin Árann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19719/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt do staid reatha an chonartha chun seirbhís aeir a chur ar fáil d’Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí. Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil an conradh reatha i bhfeidhm go dtí an 30 Meán Fómhair 2014. Tá rogha síneadh bliana a chur leis ar na coinníollacha céanna is a bhaineann leis an gconradh atá ann faoi láthair.

Mar is eol don Teachta, tá athbhreithniú á dhéanamh ag mo Roinn ar riachtanas na seirbhíse aeir i gcomhréir le rialacha an Aontais Eorpaigh. Ina thaobh sin de, dírím aird an Teachta ar fhreagraí a thug mé ar Cheisteanna faoin ábhar seo cheana, ar a n-áirím Ceist Uimh 38 den 6 Márta 2014.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.