Written answers
Thursday, 17 April 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Acht na dTeangacha Oifigiúla
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
33. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh sé ag cur i bhfeidhm moltaí Oifig an Choimisinéara Teanga mar gheall ar Acht na dTeangacha Oifigiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17776/14]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
I mí Iúil 2011, d'fhoilsigh Oifig an Choimisinéara Teanga tuairisc maidir leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina ndearnadh tráchtaireacht ar fheidhm phraiticiúil agus ar oibriú fhorálacha an Achta sin. Tógadh moltaí na tuairisce sin san áireamh san athbhreithniú a rinneadh ar an Acht. Tá tuairisc mo Roinne ar an athbhreithniú sin, mar aon leis na haighneachtaí éagsúla a bhfuarthas cead iad a fhoilsiú, le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne , in éineacht le Ceannteidil Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2014, a d’fhaomh an Rialtas ar 1 Aibreán 2014.
No comments