Written answers
Thursday, 17 April 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Foras na Gaeilge
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
28. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndeimhneoidh sé go n-íocfar íocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla leo siúd ar fad a chaillfidh a bpoist de bharr chur i bhfeidhm an mhúnla nua mhaoinithe agus mura bhfuil na hacmhainní cuí ag na heagrais chun na híocaíochtaí sin a dhéanamh, an gcinnteoidh an tAire go dtacóidh Foras na Gaeilge leis na híocaíochtaí seo. [18043/14]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil foireann na n-eagraíochtaí bunmhaoinithe fostaithe go díreach ag na heagraíochtaí sin. Faoin dlí a bhaineann le cúrsaí fostaíochta, baineann ceisteanna maidir le híocaíochtaí iomarcaíochta reachtúla leis na fostóirí ar an chéad dul síos. Mura bhfuil na hacmhainní ag na heagraíochtaí iad féin chun na híocaíochtaí seo a dhéanamh agus sa chás go bhfuil na heagraíochtaí sin ag scor, tuigtear dom go bhfuil maoiniú ar fáil ó chistí Stáit ar leith sa dá dhlínse chun cabhrú le heagraíochtaí a ndualgais reachtúla iomarcaíochta a chomhlíonadh. Sna cúinsí sin, tuigfidh an Teachta nach bhfuil aon ról reachtúil agam maidir leis an ghnó seo.
No comments