Written answers
Tuesday, 15 April 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí trí Ghaeilge
Michael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
379. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeidh seirbhísí stáit á gcur ar fáil as Gaeilge do phobal na Gaeilge ar comhchaighdeán leis na seirbhísí as Béarla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17791/14]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar a mhínigh mé sa fhreagra a thug mé ar Cheist Dála 145 ar 27 Feabhra 2014, is í an phríomhaidhm atá ag Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ná feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge. Cuireann an tAcht bunús reachtúil i dtaca le seachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge faoi Alt 8 den Bhunreacht agus faoin dóigh ina bhfuil léirmhíniú déanta ag an gCúirt Uachtarach ar an alt sin. Ina theannta sin, cuireann an tAcht creat in áit chun seachadadh seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú thar thréimhse ama sa dóigh is gur féidir leis an Stát a chuid dualgas a chomhlíonadh ar bhealach comhtháite agus i gcomhréir leis na hacmhainní atá ar fáil. Is próiseas forchéimnitheach é seo ar féidir leis a bheith dúshlánach, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú mór ar acmhainní.
No comments