Written answers

Tuesday, 8 April 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

331. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén líon tithe a choinnigh níos mó ná 12 scoláire anuraidh; cén líon díobh sin a choinnigh níos mó ná 12 scoláire ar feadh téarma amháin, dhá théarma, trí théarma agus ceithre théarma; cén líon iomlán teaghlach a choinnigh mic léinn faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge anuraidh, briste síos ar an gcaoi chéanna; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16434/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, eagraíonn na coláistí Gaeilge cúrsaí éagsúla sa Ghaeltacht agus bíonn formhór na gcúrsaí ar siúl i rith an tsamhraidh de ghnáth. Maireann formhór na gcúrsaí 3 seachtaine ach ceadaítear cúrsaí coicíse agus cúrsaí speisialta chomh maith le cúrsaí le haghaidh ábhair oidí. Tá eolas tugtha sna táblaí thíos faoin líon teaghlach a raibh níos mó ná 12 foghlaimeoirí agus ábhair oidí ar iostas leo i Meitheamh, Iúil agus Lúnasa 2013 chomh maith leis an líon iomlán teaghlach a raibh foghlaimeoirí agus ábhair oidí ar iostas leo in 2013. Níl eolas sainiúil ar fáil maidir le gach cúrsa san fhormáid ar leith atá iarrtha ag an Teachta.

Líon iomlán teaghlach le níos móná 12 foghlaimeoirí in 2013

Contae
Meitheamh
Iúil
Lúnasa (Cúrsa 1)
Lúnasa (Cúrsa 2)
Dún na nGall
34
28
4
0
Maigh Eo
18
17
17
0
Ciarraí
27
9
0
0
Corcaigh
4
2
2
0
Port Láirge
4
1
0
0
Gaillimh
152
89
23
4
An Mhí
8
5
6
0
Líon iomlán teaghlach
247
151
52
4

Líon iomlán teaghlach le níos móná 12 ábhair oidí in 2013

Contae
2013
Dún na nGall
0
Maigh Eo
0
Ciarraí
17
Corcaigh
0
Port Láirge
0
Gaillimh
23
An Mhí
0
Líon iomlán teaghlach
40

Líon iomlán teaghlach a chuir lóistín ar fáil d’fhoghlaimeoirí agus d'ábhair oidí in 2013

Contae
2013
Dún na nGall
143
Maigh Eo
41
Ciarraí
48
Corcaigh
11
Port Láirge
16
Gaillimh
376
An Mhí
9
Líon iomlán teaghlach
644

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.