Written answers
Tuesday, 8 April 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Costais Aistriúcháin
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
328. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16130/14]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá aistritheoir amháin fostaithe sa Roinn. Cé gurb í aistritheoir inmheánach na Roinne i dtosach báire a dhéanann an obair aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge, bíonn gá ó am go chéile leas a bhaint as seirbhís aistriúcháin sheachtrach mar gheall ar shrianta ama nó ualach na hoibre. Tá caiteachas mo Roinne ar chostais aistriúcháin sheachtrach don bhliain 2013 leagtha amach sa tábla thíos. Ba é €35.561 milliún caiteachas iomlán na Roinne ar riarachán i rith 2013.
Caiteachas na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ar aistriúchán in 2013 | Teanga(cha) |
---|---|
€37,285 | Aistriúcháin ó Bhéarla go Gaeilge |
€1,473 | Aistriúcháin ó Bhéarla go teangacha eile (Fraincis, Gearmáinis srl.) |
No comments