Written answers
Tuesday, 8 April 2014
Department of Finance
Costais Aistriúcháin
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
76. To ask the Minister for Finance an bhfuil aon socrú déanta chun árachas a chur ar fáil do shealbhóirí tithe nach bhfuil in ann árachas tí a fháil ó na cuideachtaí príobháideacha árachais de dheasca damáiste dá gcuid tithe ó thuilte; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16303/14]
Michael Noonan (Limerick City, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigim go maith an t-ábhar seo maidir le hárachas i leith tuilte agus na deacrachtaí atá ann maidir le hárachas tuile a fháil. Tuigim freisin na deacrachtaí a chothaíonn easpa árachais tuile do theaghlaigh agus do ghnóthaí. Níl sé de chumhacht agamsa ná ag Banc Ceannais na hÉireann, áfach, treoir a thabhairt do chomhlachtaí árachais árachas tuile a chur ar fáil do dhaoine áirithe.
Is ceist ghnó do chomhlachtaí árachais é soláthar cumhdach árachais nua nó athnuachan ar chumhdach árachais a bhí ar fáil cheana féin, bunaithe ar mheasúnú ceart ar an riosca go mbeadh siad ag glacadh leis agus ar an méid airgid go mbeadh orthu a chur ar leathtaobh chun an riosca a chlúdach. Bíonn éilimh ar árachas tuile ard go hiondúil agus, chun cumhdach mar seo a thabhairt, ní mór do chomhlachtaí a bheith sásta gur beag seans go dtarlódh tuile i ngach cás. Chomh maith leis sin, tá sé de nós ag comhlachtaí árachais athbhreithniú a dhéanamh ar na rioscaí go bhfuil siad sásta a chlúdú, agus ó am go ham déanann siad cinneadh gan leanúint ag tabhairt cumhdach i gcás go measann siad go bhfuil riosca ard i gceist. Tá tugtha le fios ag Insurance Ireland go bhfuil árachas tí ag 98% de shealbhóirí polasaí árachais, a bhfuil árachas tuile san áireamh leis.
Is é atá mar sprioc ag polasaí an Rialtais maidir le tuilte ná dul i ngleic leis an mbun-fhadhb trí oibreacha chuí a thógáil, i gcásanna go bhfuil sé seo indéanta go heacnamúil. Tá Oifig na nOibreacha Poiblí meáite ar dhul i ngleic leis na fadhbanna a chruthaíonn tuilte trí chóir chosanta a chur síos chomh maith le measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le tuilte ar fud na tíre agus pleananna bainistiú riosca a fhorbairt do na ceantair is mó go bhfuil riosca ag baint leo faoin gClár Náisiúnta Measúnú agus Bainistiú Priacal Tuile Abhantraí (MBTFA). De dheasca an chostais agus an scála a bhaineann leis na cineálacha seo oibreacha chosanta, beidh tairbhe ón gcur chuige seo sa mhéan-téarma agus sa bhfad-théarma.
Chun tacú leis an tiomantas seo, tá clár oibre infheistíochta suntasach curtha i gcrích faoina gcaithfear suas le €225 milliún ar bheartais chosanta in aghaidh tuilte i gcaitheamh na mblianta 2012 go 2016. Déantar an obair seo ar bhonn tosaíochta. De dheasca an chostais agus an scála a bhaineann leis na cineálacha seo oibreacha chosanta, beidh tairbhe ón gcur chuige seo sa mhéan-téarma agus sa bhfad-théarma. Táthar ag súil go mbeidh fáil níos mó ar árachas sna ceantair atá i gceist nuair a bhíonn na hoibreacha seo críochnaithe.
D'aontaigh Oifig na n-Oibreacha Poiblí agus Insurance Ireland dé Luain, 24ú Márta 2014 go gcuirfí córas i bhfeidhm faoina roinnfear eolas maidir le scéimeanna chun cur in aghaidh tuilte atá críochnaithe. Mar thoradh ar an socrú seo, atá leagtha síos i Meamram Tuisceana, beidh tuiscint i bhfad níos fearr ag lucht árachais maidir leis an méid cosanta a thugann oibreacha cosanta agus mar sin beidh siad in ann é seo a thógáil san áireamh i gcomhthéacs soláthar árachais do theaghlaigh in áiteanna go bhfuil na hoibreacha seo déanta agus críochnaithe.
Chomh maith leis seo, tá athbhreithniú á dhéanamh ag mo Roinn ar bhealaí chun dul i ngleic le soláthar árachais tuile, ag tógáil san áireamh taithí agus moltaí i dtíortha eile. Caithfear a bheith cúramach, agus measúnú á dhéanamh orthu seo, nach gcuirfí socraithe i bhfeidhm a dhéanfadh lagú, le himeacht ama, ar soláthar árachais tuile ón margadh a fhéadfadh dochar a dhéanamh don eacnamaíocht sa bhfad-thearma
No comments