Written answers

Tuesday, 8 April 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Costais Aistriúcháin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

486. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16129/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I rith 2013 caitheadh €14,572.40 ar sheirbhísí aistriúcháin i mo Roinn. Bhain €13,904.84 den mhéid sin ar cháipéisí a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla. €667.56 a caitheadh ar cháipéisí a aistriú go teangacha eile agus as teangacha eile.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.