Written answers

Tuesday, 8 April 2014

Department of Justice and Equality

Costais Aistriúcháin

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

424. To ask the Minister for Justice and Equality cén méid airgid a caitheadh in 2013 ar aistriú doiciméad ó Bhéarla go Gaeilge nó ó Ghaeilge go Béarla, agus ó theangacha eile go Béarla agus ó Bhéarla go teangacha eile, faoi seach; cad ba chaiteachas iomlán riaracháin na Roinne sa bhliain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16140/14]

Photo of Alan ShatterAlan Shatter (Dublin South, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta gurbh é méid iomlán an chaiteachais a tabhaíodh sa bhliain 2013 ar dhoiciméid a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge agus ó Ghaeilge go Béarla, agus ó Bhéarla go teangacha eile agus ó theangacha eile go Béarla, ná €161,640. B’fhéidir gur mhaith leis an Teachta a thabhairt dá aire, ar son na hiomláine, go n-áirítear san fhigiúr sin faisnéis ó Sheirbhís Phríosúin na hÉireann agus ón tSeirbhís Phromhaidh araon. Is ceart don Teachta a thabhairt dá aire, chomh maith, nach bhfuil tuarastal Aistritheoir na Roinne san áireamh san fhigiúr sin.

Is féidir liom a dhearbhú don Teachta, cé go bhfostaíonn mo Roinn aistritheoirí Gaeilge ó lasmuigh ar uairibh, déanann Aistritheoir in-tí na Roinne, agus baill fhoirne eile atá oilte sa Ghaeilge, a oiread oibre aistriúcháin agus is féidir. Ar shamplaí de dhoiciméid a d’aistrigh baill fhoirne na Roinne go Gaeilge tá Rialacha Cúirte, Ionstraimí Reachtúla, foirmeacha, leathanaigh do shuímh ghréasáin, comhfhreagras, etc.

Mar gheall ar chineál na hoibre, bíonn aistriú méideanna móra doiciméad i gceist in obair Sheirbhís Éadaoirseachta agus Inimirce na hÉireann agus gníomhaireachtaí comhbhainteacha. Mar shampla, sa bhliain 2013 aistríodh réimse leathan doiciméad ó 38 dteanga éagsúla go Béarla agus ó Bhéarla go 19 dteanga éagsúla, lena n-áirítear an Ghaeilge. Ní choinnítear taifid i slí le gur féidir costais a mhiondealú de réir teanga.

Ar deireadh, ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta gurbh é an buiséad riaracháin do mo Roinn don bhliain 2013 ná €45.2 milliún.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.