Written answers

Thursday, 3 April 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

198. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair, faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste agus faoi Scéim REPS nár íocadh de bharr aistriú teidil talúna le feirmeoir i Contae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén méid bliain íocaíochtaí atá dlite don fheirmeoir seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh [15707/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tháinig iarratas faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste/Aoníocaíochta 2013 chuig mo Roinn an 13 Bealtaine 2013 ón té atá ainmnithe in ainm REPS a athar, nach maireann. Nuair a bhí sin próiseáilte, tugadh ró-éileamh faoi deara ar an iarratas i ndáil le gabháltas amháin talún. Tá sé seo anois próiseáilte agus tá scríofa ag mo Roinn chuig an té atá ainmnithe maidir leis an ábhar seo.

Tháinig iarratas faoi iarratas ar Aistriú Teidlíochtaí 2011 chuig mo Roinn an 16ú Bealtaine, 2011 maidir leis an uimhir bólachta thuas. Ó tharla gur le hoidhreacht a bhain an t-aistriú iarrtha bhí gá an gnáthcháipéiseacht tiomnachta a bhain leis an aistriú a éileamh agus chun go bhféadfadh an té atá ainmnithe a bheith ina úinéir bólachta cláraithe ar uimhir bólachta G126154x. Tá na cáipéisí cuí uilig anois faighte agus is é an té atá ainmnithe an t-úinéir bólachta cláraithe. Próiseálfar an t-iarratas ar aistriú teidlíochtaí sna laethanta atá romhainn agus eiseofar litreacha glactha ar an té atá ainmnithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.