Written answers
Thursday, 6 March 2014
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta Issues
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
31. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an buiséad a bhí ag Údarás na Gaeltachta chun fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht, cad iad na rátaí dífhostaíochta i gceantair Ghaeltachta; cé mhéad post a chruthaigh Údarás na Gaeltachta le 5 bliana anuas agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10738/14]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá buiséad iomlán de €17.485 milliún curtha ar fáil i Vóta mo Roinne d’Údarás na Gaeltachta i mbliana chun cuidiú leis a chuid spriocanna a bhaint amach, lena n-áirítear buiséad caipitil de €5.687 milliún. Anuas air sin, tá cead ag an Údarás an fáltas a fhaightear ó dhíol maoine a athinfheistiú ina chlár caipitil. Tuigim go mbeidh fáil ag Údarás na Gaeltachta ar thart ar €2 mhilliún eile i mbliana chun na críche sin.
Tá an méid post a chruthaigh Údarás na Gaeltachta do na bliana 2009 - 2013 léirithe sa tábla thíos:
Bliain | Méid post a cruthaíodh |
---|---|
2009 | 710 |
2010 | 704 |
2011 | 734 |
2012 | 689 |
2013 | 616 |
No comments