Written answers

Tuesday, 25 February 2014

Department of Education and Skills

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

142. To ask the Minister for Education and Skills cad iad na beartais sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge a bhaineann lena Roinn atá curtha i bhfeidhm go dtí seo, agus na beartais a bhfuil sé i gceist iad a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [8906/14]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinnse lán-tiomanta d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Go nuige seo, tá mo Roinnse tar éis díriú ar bhearta oideachasúla sa Straitéis 20 Bliain a cur i gcrích a bhaineann leis an gcuraclam, le measúnú agus le hoideachas múinteoirí. Mar shampla, tá obair a rinne an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta maidir le forbairt curaclaim nua chomhtháite teanga don Bhéarla agus don Ghaeile ag an mbunleibhéal curtha chun cinn go maith. Beidh an curaclam seo le fáil ó na naíonáin suas go dtí an dara rang i mí Mheán Fómhair 2014. Tá tús curtha chomh maith le forbairt sonraíochta nua don Ghaeilge ag an tSraith Shóisearach.

Tá miontuairisc ar fheidhmiú na mbeartas oideachais sa Straitéis 20 Bliain ar fáil ar shuíomh greasáin na Roinne http://www.education.ie/ga/Foilseacháin/Tuarascálacha-Beartais/Straitéis-20-Bliain-don-Ghaeilge-2010-2030.pdf

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.