Written answers
Thursday, 13 February 2014
Department of Agriculture, Food and the Marine
Scéim Talmhaíochta
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
226. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi REPS le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [7331/14]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Chuaigh an duine ainmnithe isteach sa Scéim REPS 4 i mí Eanáir 2010 agus fuair íocaíochtaí don chéad trí bliana den chonradh.
Is beart faoin gClár um Fhorbairt Tuaithe 2007-13 é REPS 4 agus bíonn sé faoi réir rialachán AE a éilíonn go dtugtar seiceálacha riaracháin mionsonraithe ar gach iarratas chun críche sula ndéantar aon íocaíocht. Tá an próiseas sin tugtha chun críche maidir le híocaíochtaí 2013 agus eisíodh an íocaíocht 75% Bliain 4, arbh fhiú €3,702.45 é, an 7 Feabhra 2014. Eiseofar an iarmhéid de 25% go luath.
No comments