Written answers

Tuesday, 11 February 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cruthú Fostaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

341. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuair sé féin nó an tAire Stáit sa Roinn cuireadh chuig an fhógairt postanna i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe ar 3 Feabhra 2014; má fuair, ar lorg siad comhairle Arc Heart i dtaobh freastal ar an ócáid; cén chomhairle a cuireadh orthu; cén fáth nach raibh ceachtar acu i láthair ag ócáid chomh tábhachtach sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6875/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, is mian liom a shoiléiriú don Teachta go raibh cuireadh faighte agam ón gcomhlacht atá i gceist a bheith i láthair le fógra a dhéanamh faoi na poist atá le cruthú acu i gCorr na Móna, Co. na Gaillimhe le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Go deimhin, bhí glactha agam go fonnmhar leis an gcuireadh sin. B’éigean dom áfach an socrú sin a chur ar ceal de bharr cúinsí pearsanta agus bhí sé seo curtha in iúl don chomhlacht roimh ré. An méid sin ráite, ní miste dom a rá go bhfuil áthas orm go raibh ar chumas Údarás na Gaeltachta tacaíocht a chur ar fáil don chomhlacht le tabhairt faoina phleananna forbartha. Táim sásta ach go hairithe go gcabhróidh na deiseanna fostaíochta a thiocfaidh as an bhfiontar seo go mór leis an gceantar sin agus go deimhin leis an gceantar Gaeltachta máguaird.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.