Written answers

Tuesday, 11 February 2014

Department of Education and Skills

Teagasc na Gaeilge

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

231. To ask the Minister for Education and Skills i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, cad iad na bearta atá glactha chun athstruchtúrú agus cláir na Gaeilge do mhúinteoirí bunleibhéil faoi oiliúint a fheabhsú chun múinteoirí a ullmhú níos fear i gcumarsáid teanga lena gcuid daltaí. [6912/14]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 tá roinnt gníomhartha maidir le feabhas a chur ar cháilíocht Theagasc na Gaeilge. Tá an Rialtas seo tiomanta do thacú le héirim fhoriomlán na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus bainfidh sé amach na cuspóirí agus na spriocanna indéanta atá molta.

Tá Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte d'Oideachas Tosaigh Múinteoirí (OTM) foilsithe ag an gComhairle Mhúinteoireachta. Cuireann na treoirlínte seo de cheangal ar na soláthraithe OTM uile cláir oideachais múinteoirí a dhearadh a thabharfaidh aird ar chaighdeán na Gaeilge i measc bunmhúinteoirí maidir le teagasc na Gaeilge mar ábhar agus í a úsáid mar mheán cumarsáide agus teagaisc i scoileanna. Thosaigh an chéim Baitsiléara san Oideachas athchoincheaptha agus leathnaithe sa bhliain 2012 agus tá sé i gceist an príomhchlár iarchéime san OTM a thosú i Meán Fómhair 2014. Tá clár cónaithe Gaeltachta leathnaithe agus athchoincheaptha mar chuid den chlár tosaigh foriomlán OTM anois. Leathnaíodh an clár cónaithe Gaeltachta chuig dhá thréimhse de dhá sheachtain. Tá soláthraithe oideachais tosaigh múinteoirí freagrach as an dearbhú cáilíochta in ábhar, teagasc agus measúnú ghné na Gaeltachta de chláir OTM. Déanfar soláthar do mhuinín agus d'inniúlacht na múinteoirí faoi oiliúint sa Ghaeilge trí chur chuige ilghnéitheach le fócas ar Ghaeilge labhartha.

Tá roinnt Coláistí Oiliúna ag soláthar gnéithe dá gcláir OTM as Gaeilge freisin.

Rinne an Chomhairle Mhúinteoireachta sraith de chomhairliúcháin le páirtithe leasmhara an oideachais, maidir le moltaí faoi na riachtanais iontrála don Ghaeilge ar chúrsaí oiliúna múinteoirí a ardú agus tá molta ag an gComhairle go bhfuil gá le tuilleadh taighde sula mbeidh siad in ann comhairle chríochnaitheach a thabhairt. D'iarr mé go ndéanfaí an scéal a bhrostú agus táim ag tnúth le toradh an bhearta seo.

Sa deireadh thiar thall ba chóir go mbeadh tionchar ag na feabhsuithe éagsúla sa Ghaeilge ar an seomra ranga.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.